Fáilte chuig láithreán líonra nua Iarnród Éireann – an treoir oifigiúil ar-líne d’iarnróid in Éirinn.
Má tá sé i gceist agat do thuras a phleanáil, táillí a sheiceáil, nó tuilleadh a fháil amach faoi Iarnród Éireann – bíodh sin faoin am a caitheadh, faoin am i láthair nó faoina bhfuil beartaithe amach anseo, seo é an áit. Clúdaíonn an láithreán seirbhísí paisinéirí agus seirbhísí lastais, maille le hoibríochtaí eile cosúil le Gréasán Lónadóireachta agus ár ról mar údarás calafoirt do Europort Ros Láir. Coinneoimid an láithreán seo cothrom le dáta leis an nuacht is déanaí ar Iarnród Éireann chomh maith. Tá súil againn go dtaitneoidh an dearadh nua agus na gnéithe nua a gheobhaidh sibh anseo libh agus tá neart eile acu le teacht amach anseo.
Is léiriú iad na hathruithe ar ár láithreán ar na hathruithe atá ag tarlú don iarnród agus is féidir leat mionsonraí ar na pleananna móra infheistíochta atá againn ar fud an ghréasáin a fháil anseo. Clúdaíonn an láithreán seo seirbhísí custaiméirí freisin, agus tugann sé tús áite d’eolas do dhaltaí scoile agus do mhic léinn coláiste chomh maith le heolas corparáideach. Tá eolas do chustaiméirí a bhfuil éagumas gluaiseachta orthu agus láithreán líonra speisialta do dhaoine a bhfuil éagumas súl orthu.
Tá súil agam go bhfaighidh tú an láithreán seo éasca le húsáid – ná bíodh leisce ar bith ort úsáid a bhaint as ár rannóg Aiseolais má bhíonn aon mholtaí agat le feabhas a chur ar ár seirbhís ar-líne. Tá súil agam go mbeidh an deis agat úsáid a bhaint as InterCity Iarnród Éireann, as an DART agus as na seirbhísí seachtracha bruachbhailte go luath amach anseo.